Amlíne
An
Fhrainc
Fhrainc
Albain
Éire
100
400
500
600
700
800
900
1000
1100
1200
1300
1400
1500
1600
1700
1800
1900
2000
2100
- 100-
400 - Tháinig cainteoirí na teanga Gaelaí chun na hAlban ó Éirinn, agus diaidh ar ndiaidh cruthaíodh ríocht an Dál Riata ar an gcósta thiar.
- 400-
800 - Comhdhéanamh theanga na hOcsatáinise agus na céad téacsanna scríofa san Ocsatánais.
- 431
- Creidtear gur tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn le linn na bliana seo. Thug sé Críostaíocht leis.
- 563
- Thóg an naomh Gaelach, Colm Cille, an Chríostaíocht go hAlbain, agus é ag obair i mainistir ar Oileán Í.
- 795
- Shroich na Lochlannaigh Éire. Bhí an-tionchar acu ar chultúr, ar thírdhreach agus ar theanga na hÉireann.
- 900-
1000 - Gaeilge á labhairt ar an gcuid is mó d’Albain. Is é Alba ainm Gaeilge na ríochta.
- 1000-
1200 - Céadta na Troubadour. Téann an teanga Occitan ó neart go neart ar fud na hEorpa.
- 1070
- Phós Malcolm Ceann Mòr, an Rí Malcolm III, an banphrionsa Angla-Shacsanach Margaret, agus athraíodh teanga na cúirte go Béarla.
- 1169
- Tháinig na Normannaigh go hÉirinn. Thug siad teanga agus traidisiúin éagsúla leo chun na tíre.
- 1323
- Cruthaíodh an Consitòri del Gai Saber (acadamh fileata darb ainm "Comhshuíomh na hEolaíochta Meidhrí") in Toulouse agus dréachtaíodh tráchtas maidir le gramadach Ocsatáinise sa bhliain 1356.
- 1539
- Ordú an Rí de Villers-Cotterêts: Fógraíodh gurb í an Fhraincís an t-aon teanga oifigiúil sa Fhrainc.
- 1540
- Bunaíodh polasaíocht nua ,"surrender and regrant", áit ina raibh ar na hiarlaí agus na tiarnaí Éireannacha géilleadh do Rí na Breataine, Anraí VIII, chun a gcuid talún a choimeád.
- 1567
- Sheas Pèir de Garros ar son cearta na hOcsatánaise.
- 1603
- Aontas na gCorónacha d’Albain agus de Shasana. Rinneadh Rí Shasana de James VI d’Albain. Bogadh an chúirt go Londain.
- 1607
- Teitheadh na nIarlaí; seoladh Iarlaí Thír Eoghain is Thír Chonaill ó Éire. Cuireadh tréas ina leith.
- 1695
- Bunaíodh na Péindlíthe. Ba dhlíthe iad seo a chuir na Caitlicigh in Éirinn faoi chois iomlán.
- 1746
- Sháraigh an t-arm Hanófarach de Rí George II an "tÉilitheoir Óg" (the Young Pretender), an Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart, ag Gleann Chúil Lodair. Cuireadh cosc ar chultúr Gaelach de thoradh na cailliúna seo.
- 1767
- D’aistrigh Dr James Stuart de Killin agus Dugald Buchanan de Rannoch an Tiomna Nua go Gàidhlig. Aistríodh an Sean-Tiomna in 1801.
- 1793
- D’fhoilsigh an t-ab Abbé Grégoire a thuairisc "Tuairisc maidir leis an gá le canúintí áitiúla a dhíothú", le linn réimeas polaitiúil na Comhdhála.
- 1845
- An Gorta Mór. Theip ar na prátaí in Éirinn. Laghdaíodh daonra na tíre ó 8 milliún go 6 mhilliún beagnach i leath de bharr ocrais, imirce agus tinneas. Chuaigh an-chuid Gaeilgeóirí dúchasacha ar imirce.
- 1872
- Leis an acht oideachais Albanach "The Education (Scotland) Act" cuireadh oideachas éigeantach i bhfeidhm ar fud na hAlbain, ach fágadh oideachas trí Ghàidhlig ar lár. Rinne sé seo a lán damáiste don teanga.
- 1884
- Bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael (C.L.G) chun spóirt Ghaelacha a chur chun cinn in Éirinn.
- 1904
- Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Frédéric Mistral, dá shaothar Mirelha, scríofa san Ocsatáinis.
- 1916
- Éirí Amach na Cásca. Mhair an Eirí Amach ar feadh seachtaine. Cuireadh na ceannairí chun báis, rud a chuir uafás ar mhuintir na hÉireann agus a spreag gráin don Rialtas.
- 1922
- Bunaíodh Poblacht na hÉireann i ndiaidh blianta fada de bheith faoi chois na Breataine.
- 1935
Foilsíodh Gramatica occitana le Lois Alibert, saothar a shocraíonn litriú clasaiceach na hOcsatáinise.
- 1937
- Glacadh le Bunracht na hÉireann agus fógraíodh an Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúl na tíre.
- 1951
Tugann an Dlí Deixonne cead do dhaoine teangacha réigiúnacha a mhúineadh agus tugann sé stádas oifigiúil don ainm "Occitan".
- 1985
- Osclaíodh aonad Gàidhlige i scoil i nGlaschú, agus osclaíodh scoileanna eile sna hOileáin Thiar gan mhoill. Anois tá níos mó ná 60 aonad agus scoileanna ina múinítear Gàidhlig timpeall na hAlbain.
- 2005
Bunaíodh Bòrd na Gàidhlig faoi acht na hAlba um Theanga na Gaeilge, le stádas na Gàidhlig mar theanga oifigiúil a dhaingniú agus le líon na gcainteoirí Gàidhlig a mhéadú.
- 2011
- Tugann Airteagal 75-1 teangacha réigiúnacha isteach i mBunreacht na Fraince, "is cuid d’oidhreacht na Fraince na teangacha réigiúnacha" ach ní bhronann sé aon fhíor-aitheantas orthu. Leanann na cainteoirí d’Ocsatáinis agus de theangacha Fraincíse réigiúnacha eile ag lorg a gcearta.