Léiriú

Tionscadal Erasmus Plus “GO TO the FUTURE

Gaelic Occitan TOgether For language Users Through United Roots and Experiences.


Forbraíodh an tionscadal GO TO the FUTURE mar fhreagra ar ghairm tograí Eorpach Erasmus+ i réimse coimhoibrithe do nuálaíocht agus malartaithe deachleachtas. 

Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo taithí a roinnt le tíortha Eorpacha eile i réimse an oideachais chomh maith le straitéisí um chaomhnú agus um chur chun cinn oidhreachta teangeolaíochta agus cultúrtha.

Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí a leagadh amach:
 
  • Chun feabhas agus forbairt a dhéanamh ar mhúineadh mionteanga agus ar chur chun cinn cultúir réigiúnaigh
  • Chun machnamh a dhéanamh ar mhodhanna chun feasacht a ardú
  • Chun uirlisí nuálacha teagaisc agus scaipthe a chruthú; agus
  • Chun aird a tharraingt ar luach na dteangacha réigiúnacha i réimsí éagsúla faisnéise chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le cultúir réigiúnacha mar mhodh roinnte de luachanna saoránachta Eorpaí .

Socraíodh go n-oibreofaí le trí theanga atá i dtrí limistéar thíreolaíocha éagsúla agus a bhfuil trí bhunús éagsúla teangeolaíochta acu: Occitan, Gàidhlig na hAlban agus Gaeilge.

Is iad an Fhrainc, Albain agus Éire na trí thír chomhphairteacha.

Cruthaíodh uirlisí nuálacha de thoradh ar an smaointeoireacht leathan a rinneadh le linn an tionscadail iomláin. Cuireadh bileoga téamacha le chéile a léiríonn míreanna cultúrtha atá bainteach go sonrach le gach réigiún. Tá na hábhair a gclúdaítear inti oiriúnach i gcomhair úsáide idirdhisciplíní.

Chomh maith leis sin cuireadh leabhar grianghraf le chéile ó na réigiúin ina labhraítear Occitan, Gàidhlig agus Gaeilge. Chuir an t-ábhar ealaíonta agus na nótaí tráchtaire ó rannpháirtithe an tionscadail go mór leis an obair seo.  Tá sé mar aidhm ag an leabhar seo feasacht maidir leis na teangacha réigiúnacha seo a ardú agus cuireann sé go mór leis an méid atá sna huirlisí oideachais.

Tugann an suíomh seo ar a bhfuil sibh faoi láthair rochtain duit d’ábhar na n-uirlisí oideachais i leagan digiteach. Tá gníomhaíochtaí idirghníomhacha agus áiseanna ar fáil chomh maith agus úsáideann sé réimse leathan de mheáin chun cabhrú le foghlaim agus le cur de ghlanmheabhair de na míreanna cultúrtha agus de na míreanna teangeolaíochta a éascú.

Collège de Samatan Département du Gers ACPPG Comhairle nan Eilean Siar Sgoil an Taobh Siar Comunn na Gàidhlig Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg


Erasmus+ Tá an togra seo á mhaoiniú le cabhair ó Choimisiún na hEorpa.